Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 2:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d'imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.

7. Rinne an pobal seirbhís don Tiarna i gcaitheamh saol Iósua go léir agus i gcaitheamh saol na seanóirí go léir a mhair i ndiaidh Iósua a chonaic na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.

8. D'éag Iósua mac Nún, seirbhíseach an Tiarna, agus é céad agus a deich mbliana d'aois.

9. Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis.

10. Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n‑aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d'Iosrael.

11. Rinne clann Iosrael an t‑olc i bhfianaise an Tiarna go ndearnadar fónamh do na Bálaím.

12. Thréigeadar an Tiarna, Dia a sinsear, a threoraigh amach as tír na hÉigipte iad, agus leanadar déithe eile, déithe de chuid na gciníocha ina dtimpeall. D'adhradar na déithe sin agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.

13. De bhrí gur thréigeadar an Tiarna agus go ndearnadar fónamh do Bhál agus do na hAisteárót,

14. bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.

15. Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n‑aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise.

16. Mar sin féin, chuir an Tiarna breithiúna i réim dóibh a shaor iad ó lucht a gcreachta.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 2