Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 2:12-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Thréigeadar an Tiarna, Dia a sinsear, a threoraigh amach as tír na hÉigipte iad, agus leanadar déithe eile, déithe de chuid na gciníocha ina dtimpeall. D'adhradar na déithe sin agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.

13. De bhrí gur thréigeadar an Tiarna agus go ndearnadar fónamh do Bhál agus do na hAisteárót,

14. bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n‑aghaidh.

15. Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n‑aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise.

16. Mar sin féin, chuir an Tiarna breithiúna i réim dóibh a shaor iad ó lucht a gcreachta.

17. Más ea, ní éistfidís lena mbreithiúna, ach is amhlaidh a chuadar le striapachas i ndiaidh déithe eile agus shléachtadar dóibh. Ba róbheag an mhoill orthu casadh i leataobh ón mbealach a ghabh a sinsir, an bealach a ghabhadar de réir orduithe an Tiarna; níor leanadar a samplasan.

18. Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n‑uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha.

19. Nuair a d'fhaigheadh an breitheamh bás, ámh, d'fhillidís ar a seanbhéasa, ionas gur seacht measa a iompraídís iad féin ná a n‑aithreacha; leanaidís déithe eile, ag fónamh agus ag sléachtadh dóibh, ní thugaidís cúl lena ndrochghníomhartha ná lena gceanndánacht.

20. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: “Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór,

21. ní dhéanfaidh mé dá bhrí sin aon cheann de na ciníocha a d'fhág Iósua sa tír nuair a d'éag sé a dhíbirt rompu.”

22. Ba d'fhonn Iosrael a thriail le cabhair na gciníocha ud é sin, féachaint an leanfaidís ar bhealach an Tiarna faoi mar a rinne a sinsir tráth nó nach ndéanfaidís.

23. Lig an Tiarna do na ciníocha sin fanacht mar a rabhadar; níor chuir sé an ruaig orthu le teann deabhaidh, ná níor thug ar láimh do Iósua iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 2