Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 19:4-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Chuir athair a chéile, athair na hógmhná, d'iallach air fanacht fairis, agus d'fhan fairis trí lá; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar an oíche ann.

5. Ar an gceathrú lá, d'éiríodar go moch, agus d'ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.”

6. Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”

7. Nuair a d'éirigh seisean chun imeachta, thathain athair a chéile air arís agus chaith sé oíche eile ann.

8. An cúigiú maidin, d'éirigh sé go moch chun imeachta, ach dúirt athair na hógmhná leis: “Bíodh greim bia agat le tú a neartú agus fan go nóin.” Agus d'itheadar araon le chéile.

9. Nuair a d'éirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: “Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.”

10. Ach ní fhanfadh an fear thar oíche; d'éirigh sé agus chuir chun bóthair, agus tháinig i radharc Iabús (Iarúsailéim is é sin). Bhí dhá asal lena ndiallaití aige agus a bhean luí in éineacht leis.

11. Nuair a bhíodar i ngiorracht do Iabús bhí sé anonn go maith sa lá agus dúirt an giolla lena mháistir: “Téanam, casaimis i leataobh anois agus téimis isteach i gcathair seo na Iabúsach, agus caithimis an oíche inti.”

12. Dúirt a mháistir leis: “Ní chasfaimid i leataobh isteach i gcathair choimhthíoch, daoine nach mbaineann le pobal Iosrael, ach ar aghaidh linn go Gibeá.”

13. Lean sé air ansin agus dúirt lena ghiolla: “Téimis ar aghaidh agus bainimis amach áit éigin díobhsan - Gibeá nó Rámá agus caithfimis an oíche ann.”

14. D'imíodar leo, dá bhrí sin, agus ar aghaidh leo ar a n‑aistear. Ag druidim le Gibeá i mBiniáimin dóibh bhí an ghrian ag dul faoi.

15. Chuadar i leataobh ansiúd chun dul isteach an oíche a chaitheamh i nGibeá. Chuaigh an Léivíteach isteach agus shuigh i lár cearnóige poiblí na cathrach, mar nár thug aon duine bheith istigh dó ina theach chun an oíche a chaitheamh ann.

16. Ach seanduine a bhí ag teacht abhaile tráthnóna óna obair sna goirt, tháinig sé an treo. B'as ardáin Eafráim dó, duine deoranta ag cur faoi i nGibeá; Biniáiminigh iad muintir na háite.

17. D'ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?”

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 19