7. D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].
8. D'fhilleadar ansin ar a ngaolta i Zorá agus in Eisteáól, agus nuair a d'fhiafraíodarsan díobh: “Cén tuairisc atá agaibh?”
9. d'fhreagraíodar: “Bímis inár suí! Téimis ina gcoinne mar tá an tír feicthe againn agus tá sé an-torthúil. Ach sibhse - cad ab áil libh ansin i bhur staic? Cuirigí chun bóthair gan mhoill agus gabhaigí seilbh ar an tír.
10. Nuair a shroichfidh sibh é, beidh pobal gan chosaint romhaibh. Tá an dúiche fairsing; níl aon ní faoin spéir in easnamh ar an áit atá curtha faoi bhur smacht ag Dia.”
11. Chuir sé chéad fear de threibh Dhán chun bóthair ó Zorá agus ó Eisteáól, agus airm chogaidh acu.
12. Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím.
13. Chuadar as sin go hardáin Eafráim agus thángadar go teach Mhíceá.
14. Ansin labhair an cúigear a chuaigh chun dúiche Láis a thaiscéaladh agus dúirt lena mbráithre: “An bhfuil fhios agaibh go bhfuil éafód agus taráfaím agus íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) sna tithe seo? Déanaigí machnamh dá bhrí sin ar a bhfuil le déanamh agaibh.”
15. Chasadar i leataobh ansin agus chuadar go teach an Léivítigh óig in áitreabh Mhíceá, agus chuir siad a thuairisc.
16. Agus an sé chéad fear de threibh Dhán faoi airm chogaidh ina seasamh ag tairseach an gheata,
17. chuaigh an cúigear a rinne an tír a thaiscéaladh ar aghaidh isteach sa teach, thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód agus an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite); bhí an sagart idir an dá linn ina sheasamh ansiúd ar thairseach an gheata leis an sé chéad fear faoi airm chogaidh.
18. Nuair a chuaigh na fir úd isteach i dteach Mhíceá agus gur thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód, an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite), dúirt an sagart leo: “Cad tá ar siúl agaibh?”
19. Dúradar leis: “Bí i do thost! Cuir do lámh thar do bhéal agus téanam linn, agus bí i d'athair agus i do shagart againn. An fearr duit a bheith i do shagart do theaghlach aon duine amháin, nó a bheith i do shagart do threibh agus d'fhine in Iosrael?”
20. Bhí áthas croí ar an sagart; thóg sé an t‑éafód, an taráfaím agus an íomhá ghreanta agus d'imigh leis i lár na buíne.
21. D'iompaíodar dá bhrí sin agus d'imíodar leo, agus [na mná], na miondaoine, an t‑eallach, agus an chreach rompu amach acu.