Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 18:22-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Nuair a bhíodar imithe tamall ó theach Mhíceá, glaodh ar na comharsana i gcóngar theach Mhíceá, agus chuadar sa tóir ar mhuintir Dhán.

23. Nuair a liúdar orthu, chas muintir Dhán ar a sáil agus dúradar le Míceá: “Cad tá ort ag teacht sa tóir orainn le dream mar seo?”

24. D'fhreagair sé: “Thóg sibh libh an dia a rinne mé dom féin, agus thóg sibh an sagart chomh maith. Tá sibhse ag imeacht libh, agus cad atá fágtha agamsa? Cén chaoi a bhféadfadh sibh ceist a chur: ‘Cad tá ort?’ ”

25. D'fhreagair muintir Dhán: “Ná bíodh focal eile le clos againn uait le heagla go dtiocfadh fearg ar dhaoine leat agus tabhairt fút, agus go gcaillfí thú féin agus go gcaillfí do theaghlach uile chomh maith.”

26. D'imigh muintir Dhán leo ansin agus nuair a chonaic Míceá go rabhadar róthréan dó, chas sé ar a sháil agus chuaigh abhaile.

27. Thug muintir Dhán leo an rud a rinne Míceá agus an sagart a d'fhónadh dó, agus mháirseáladar in aghaidh Láis, pobal síochánta gan drochiontaoibh. Rinneadar ár agus eirleach orthu agus chuireadar an chathair trí thine.

28. Ní raibh aon duine a thiocfadh i gcabhair ar an gcathair mar go raibh sí i bhfad ó Shíodón, gan aon bhaint aici leis na hArámaigh. Bhí sí sa ghleann a bhaineann le Béit Rachób. Rinneadar an chathair a atógáil agus chuireadar fúthu inti.

29. Thugadar Dán ar an gcathair, i gcuimhne Dhán a n‑athair, mac a rugadh d'Iosrael, fág gur Láis a thugtaí ar dtús ar an gcathair.

30. Chuir muintir Dhán an íomhá ghreanta suas dóibh féin. Bhí Iónátán mac Ghéirseom mac Mhaois agus a chlann mhac ina sagairt ag treibh Dhán go dtí an lá inar tugadh pobal na tíre ar deoraíocht.

31. An íomhá ghreanta a rinne Míceá chuireadar i scrín dóibh féin í agus d'fhan sí ansiúd fad a bhí teach Dé i Sileo.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 18