Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 18:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. San am sin ní raibh aon rí in Iosrael. Agus san am sin bhí treibh Dhán ag lorg dúiche oidhreachta le cónaí ann, mar go dtí sin ní raibh aon tailte oidhreachta faighte acu i measc treibheanna Iosrael.

2. Sheol muintir Dhán cúigear laoch as a dtreibh go léir, ó Zorá go Eisteáól, chun an tír a thaiscéaladh agus a thuairisc a fháil. Dúradar leo: “Imígí agus faighigí tuairisc na tíre!” Tháinig an cúigear go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá agus chaitheadar an oíche ann.

3. Agus iad láimh le teach Mhíceá, d'aithníodar guth an Léivítigh óig; d'iompaíodar ina threo, agus dúradar leis: “Cé thug anseo thú? Cad tá tú a dhéanamh anseo? Cén gnó atá anseo agat?”

4. D'fhreagair sé: “Rinne Míceá a leithéid seo dom. Tugann sé tuarastal dom agus is sagart aige mé.”

5. Dúradar leis ansin: “Téigh i gcomhairle leis an Tiarna, le do thoil, agus faigh amach dúinn an rithfidh linn sa turas seo ar a bhfuilimid ag triall.”

6. Dúirt an sagart leo: “Imígí faoi shíocháin; tá súil an Tiarna oraibh ar an turas seo.”

7. D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].

8. D'fhilleadar ansin ar a ngaolta i Zorá agus in Eisteáól, agus nuair a d'fhiafraíodarsan díobh: “Cén tuairisc atá agaibh?”

9. d'fhreagraíodar: “Bímis inár suí! Téimis ina gcoinne mar tá an tír feicthe againn agus tá sé an-torthúil. Ach sibhse - cad ab áil libh ansin i bhur staic? Cuirigí chun bóthair gan mhoill agus gabhaigí seilbh ar an tír.

10. Nuair a shroichfidh sibh é, beidh pobal gan chosaint romhaibh. Tá an dúiche fairsing; níl aon ní faoin spéir in easnamh ar an áit atá curtha faoi bhur smacht ag Dia.”

11. Chuir sé chéad fear de threibh Dhán chun bóthair ó Zorá agus ó Eisteáól, agus airm chogaidh acu.

12. Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím.

13. Chuadar as sin go hardáin Eafráim agus thángadar go teach Mhíceá.

14. Ansin labhair an cúigear a chuaigh chun dúiche Láis a thaiscéaladh agus dúirt lena mbráithre: “An bhfuil fhios agaibh go bhfuil éafód agus taráfaím agus íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) sna tithe seo? Déanaigí machnamh dá bhrí sin ar a bhfuil le déanamh agaibh.”

15. Chasadar i leataobh ansin agus chuadar go teach an Léivítigh óig in áitreabh Mhíceá, agus chuir siad a thuairisc.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 18