Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 17:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.

8. D'fhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá.

9. D'fhiafraigh Míceá de: “Cá has a dtagann tú?” D'fhreagair seisean: “Léivíteach mé as Beithil in Iúdá. Táim ag imeacht romham agus ag lorg áit ina bhféadfainn cur fúm.”

10. Dúirt Míceá leis: “Fan anseo liomsa; bí i d'athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,” agus thathain sé go dian ar an Léivíteach.

11. D'aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t‑ógánach aige mar mhac leis féin.

12. Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d'fhan sé ina theach.

13. Dúirt Míceá: “Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.”

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 17