Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 17:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú.

2. Dúirt sé lena mháthair: “An t‑aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh - rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin -

3. fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t‑airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh - tá an t‑airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.” D'fhreagair a mháthair: “Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!” agus thug Míceáhú an t‑aon chéad déag seicil ar ais di.

4. Ansin thóg a mháthair an t‑aon chéad déag seicil airgid agus thug sí don ghabha geal é, agus rinne seisean íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) de, agus cuireadh i dteach Mhíceáhú í.

5. Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige.

6. Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis.

7. Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 17