Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 16:17-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d'éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”

18. Thuig Dilíleá ansin go raibh a rún go léir scaoilte aige léi; chuir sí fios ar thaoisigh na bhFilistíneach agus thug an teachtaireacht seo dóibh: “Tagaigí aon turas amháin eile, mar scaoil sé a rún go léir liom.” Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus an t‑airgead ina lámha.

19. Chuir sí chun suain ina hucht é, agus chuir fios ar fhear agus bhearr sé na seacht ndual dá cheann. Ansin chrom sí ar spochadh as agus theip ar a chumas.

20. Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.

21. Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t‑am ag casadh an mhuilinn sa phríosún.

22. An ceann gruaige a bhí bearrtha, chrom sé ar fhás arís.

23. Chruinnigh taoisigh na bhFilistíneach chun íobairt mhór a ofráil dá ndia Dágón, agus chun lúcháir a dhéanamh. Dúradar:“Thug ár ndia Samsón ár namhaid ar láimh dúinn.”

24. A luaithe a chonaic an pobal a ndia, chuireadar na gártha suas ina onóir, agus mholadar é in ard a ngutha:“Thug ár ndia ár namhaid ar láimh dúinn,An té sin a chreach ár dtír, agus a mharaigh an oiread sin dínn.”

25. Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: “Cuirigí fios ar Shamsón d'fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.” Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d'iallach air seasamh idir na colúin.

26. Dúirt Samsón leis an ngiolla a raibh greim láimhe aige air: “Lig dom mo lámha a chur ar na colúin atá ag cothú an tí, chun go luífinn ina gcoinne.”

27. Bhí an teach lán d'fhir agus de mhná; bhí taoisigh uile na bhFilistíneach ann, agus bhí timpeall trí mhíle fear agus bean ag faire ón díon ar Shamsón ag déanamh cleas.

28. Ghlaoigh Samsón ar an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna Dia, cuimhnigh orm, impím ort; tabhair neart dom arís an uair seo amháin, a Dhia, d'fhonn go ndéanfaí díoltas ar na Filistínigh ar son cinn de mo dhá shúil.”

29. Rug Samsón ansin ar an dá cholún láir ar a raibh an teach ag brath, agus chuir a mheáchan go léir ina gcoinne, a dheasóg i gcoinne cinn acu agus a chiotóg i gcoinne an chinn eile.

30. Scread sé: “Bíodh an bás agam in éineacht leis na Filistínigh.” Sháigh sé ansin lena neart go léir agus thit an teach ar na taoisigh agus ar an muintir go léir a bhí ann. Ba mhó a mharaigh sé dá réir sin ina bhás, ná a mharaigh sé ina bheatha.

31. Tháinig a bhráithre agus muintir uile a athar anuas agus thugadar leo é. Thugadar aníos é agus chuireadar é idir Zorá agus Eisteáól i dtuama Mhánóach, a athair. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh fiche bliain.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 16