Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 15:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith.

6. “Cé rinne é seo?” arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: “Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.” Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine.

7. Dúirt Samsón leo: “Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.”

8. Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d'fhan ansiúd.

9. Tháinig na Filistínigh aníos ansin agus shuíodar a longfort in Iúdá; rinneadar ionradh ar Leichí.

10. Ansin dúirt muintir Iúdá leo: “Cad a ba áil libh ag tabhairt fogha fúinne?” “Thángamar aníos,” ar siad, “chun greim a fháil ar Shamsón, agus an cor céanna a thabhairt air agus a thug seisean orainne.”

11. Ansin chuaigh trí mhíle d'fhir Iúdá síos go dtí an phluais i gCarraig Éatám, agus dúradar le Samsón: “Nach bhfuil fhios agat go bhfuil na Filistínigh i gceannas orainn? Cad é seo, más ea, atá déanta agat orainn?” Dúirt sé leo: “Thug mé an cor céanna orthu agus a thug siadsan ormsa.”

12. Agus dúradar leis: “Thángamar anuas chun tú a chur i gcuibhreacha agus tú a thabhairt ar láimh do na Filistínigh.” Dúirt sé leo: “Tugaigí mionn nach maróidh sibh féin mé.”

13. D'fhreagair siad: “Ní mharóimid; níl uainn ach thú a chur i gcuibhreacha agus a thabhairt suas dóibh; ní baol go maróimidne thú.” Cheanglaíodar é le dhá théad nua, agus thug siad aníos ón gCarraig é.

14. Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha.

15. Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 15