6. D'imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó.
7. Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’ ”
8. Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.”
9. D'éist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta.
10. Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: “Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.”
11. D'éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé.
12. Ansin dúirt Mánóach: “Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?”
13. Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith.
14. Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n‑orduithe go léir a thug mé don bhean seo.”
15. Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Fan farainn, le do thoil, nó go n‑ullmhóimid meannán duit,”
16. mar nach raibh a fhios ag Mánóach gurbh é aingeal an Tiarna é. Dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Fiú amháin má fhanaim faraibh, ní íosfaidh mé bhur mbia; ach más mian libh íobairt uileloiscthe a dhéanamh, ofráil í don Tiarna.”