Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 13:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain.

2. Bhí fear ó Zorá de threibh Dhán darbh ainm Mánóach, agus bhí a bhean aimrid, gan aon chlann uirthi.

3. Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin don bhean seo agus dúirt sé léi: “Féach, tá tú aimrid, gan chlann (ach gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac).

4. Bí ar d'aire le barr cúraim dá bhrí sin as seo amach, agus ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hith aon ní neamhghlan,

5. mar féach, gabhfaidh tú gin agus bearfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.”

6. D'imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó.

7. Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’ ”

8. Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.”

9. D'éist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta.

10. Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: “Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.”

11. D'éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 13