Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Breithiúna 11:16-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. ach nuair a tháinig Iosrael aníos ón Éigipt, chuaigh siad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach agus shroicheadar Cáidéis.

17. Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: ‘Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil’; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D'fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.

18. Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.

19. Ansin chuir Iosrael teachtairí go dtí Síochon rí na nAmórach a bhí i réim i Heisbeon, agus dúirt Iosrael leis: ‘Lig dúinn, le do thoil, gabháil trí do thalamh go dtí ár dtír féin.’

20. Ach ní ligfeadh Síochon d'Iosrael gabháil trína chríocha; chruinnigh sé a mhuintir ó léir le chéile dá bhrí sin, shuíodar a longfort i Iáhaz, agus chuir sé cath ar Iosrael.

21. Thug an Tiarna Dia Iosrael Síochon agus a mhuintir go léir ar láimh d'Iosrael; bhris Iosrael orthu

22. agus ghabh seilbh ar chríocha uile na nAmórach ó Arnón go Iaboc agus ó fhásach go Iordáin.

23. Má dhíbir an Tiarna Dia Iosrael na hAmóraigh ó Arnón go Iaboc, roimh a phobal Iosrael, an ndéanfaidh do leithéidse sinn a chur as seilbh anois?

24. Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.

25. An fearr d'fhear thú ná Bálác mac Zipeor rí Mhóab? Ar thug seisean dúshlán Iosrael riamh? Ar chuir sé cogadh riamh orthu?

26. Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?

27. Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n‑aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.”

28. Níor thug rí na nAmónach aon aird ar an teachtaireacht a chuir Iaftá chuige.

29. Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.

Léigh chaibidil críochnaithe Breithiúna 11