8. agus ón mbliain sin ar aghaidh rinneadarsan cos ar bolg agus géarleanúint ar feadh ocht mbliana déag ar chlann Iosrael - ar chlann Iosrael go léir a bhí ag cur fúthu lastall den Iordáin i gcríocha na nAmórach atá i nGileád.
9. Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.
10. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: “Pheacaíomar i d'aghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.”
11. D'fhreagair an Tiarna clann Iosrael: “Nár fhuascail mé sibh ó na hÉigiptigh, na hAmóraigh, na hAmónaigh, na Filistínigh,
12. na Síodónaigh, Amáiléic agus Midián, nuair a rinne siadsan cos ar bolg oraibh agus gur ghlaoigh sibh orm?
13. Dá ainneoin sin, thréig sibh mise agus rinne sibh fónamh do dhéithe eile; uime sin ní dhéanfaidh mé fuascailt oraibh arís.
14. Imígí agus glaoigí ar na déithe is rogha libh! Déanaidís-sean sibh a fhuascailt in am an ghátair!”
15. D'fhreagair clann Iosrael an Tiarna: “Pheacaíomar! Déan do rogha rud linn, ach fuascail sinn, impímid ort, inniu féin!”
16. Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.
17. Thionóil na hAmónaigh agus shuíodar a longfort i nGileád. Chruinnigh clann Iosrael agus shuíodar a longfort i Mizpeá.
18. Ansin dúirt na daoine, ceannairí Ghileád, le chéile: “Cé chuirfidh ceann ar an gcath in aghaidh na nAmónach? Bíodh seisean i gceannas ar an muintir go léir atá ag cur fúthu i nGileád.”