Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 5:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bain díot, a Iarúsailéim,do róba dobróin agus ainniseagus bíodh niamhracht ghlóir Déá caitheamh agat go brách.

2. Cóirigh thú féin faoi bhrat na fíréantachtaa thagann ó Dhia;cuir ar do cheann coróin ghlóir an Neach Shíoraí.

3. Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthachtdo gach náisiún faoin spéir.

4. Is é an t‑ainm a thabharfaidh Dia ort feasta:An tSíocháin a Ghineann an Fhíréantacht,An Ghlóir a Eascraíonn ón gCráifeacht.

5. Éirigh, a Iarúsailéim, agus seas ar na hardaagus breathnaigh soir, go bhfeice tú do chlannagus iad bailithe le chéile anoir agus aniar,ar ordú an Neach Naofaagus iad ag déanamh lúcháirede bhrí go bhfuil Dia tar éis cuimhneamh orthu.

6. Óir, d'imigh siad amach uait de shiúl a gcosagus iad á dtiomáint ag a naimhde.Ach tá Dia á dtabhairt ar ais chugatagus iad á n‑iompar go glórmharmar fhlatha ríoga.

7. Mar tá Dia tar éis ordú a thabhairtgo n‑ísleofaí gach cnoc ard agus na sléibhte síoraí,agus go líonfaí isteach na gleannta, ina machaire réidh,chun go bhféadfadh Iosrael siúl go sábháilte slán faoi ghlóir Dé.

8. Tabharfaidh na coillte agus gach crann cumhrascáth d'Iosrael ar ordú Dé.

9. Óir treoróidh Dia Iosrael go lúcháireachagus leis an trócaire agus leis an ionracasis dual dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 5