Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 4:20-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Bhain mé róba na síochána díomagus chuir mé éadach róin an impígh orm;beidh mé ag glaoch ar an Neach Síoraífad a bheidh mé beo.

21. Bíodh misneach agaibh, a chlann ó!Glaoigí ar Dhia!Eisean a sciobfaidh sibh ón ansmachtagus ó lámha bhur naimhde.

22. Óir is as an Neach Síoraí atá mo dhóchasgo sábhálfar sibh;mar líon an tAon Naofa, bhur Slánaitheoir Síoraí,mo chroí le háthas de bharr na trócairea dhéanfar oraibh ar ball beag.

23. Óir, sheol mé amach uaim sibhfaoi bhrón agus faoi bhuairt;ach tabharfaidh Dia ar ais dom sibhle háthas agus le lúcháir a mhairfídh go deo.

24. Amhail mar a chonaic áitritheoirí Shíónbhur mbraighdeanas anois beag,sin mar a fheicfidh siad gan mhoillan tarrtháil a dhéanfaidh bhur nDia oraibh,tarrtháil a dhéanfar oraibhle mórghlóir agus le niamhracht an Neach Shíoraí.

25. Cuirigí suas go foighneach, a chlann ó,leis an racht feirgea lig Dia amach in bhur n‑aghaidh.Tá bhur naimhde tar éis teacht suas libhach ar ball beag feicfidh sibhiad á mbascadh agus satlóidh sibh ar a muiníl.

26. Tá mo pheataí tar éis bóithre garbha a ghabháil;tógadh chun siúil iadmar thréad a ndearna an namhaid foghail air.

27. Músclaígí bhur misneach, a chlann ó;agus glaoigí ar Dhia.Óir, an té a tharraing an tubaiste seo oraibh,ní ligfidh sé i ndíchuimhne sibh.

28. Faoi mar a bhí sé ar intinn agaibhdul ar seachrán ó Dhia,casaigí ar ais anoisagus lorgaigí é le barr bhur ndíchill.

29. Óir, an té a tharraing na hanacraí anuas oraibh,tabharfaidh sé aoibhneas síoraí daoibh,nuair a shábhálfaidh sé sibh.

30. Bíodh misneach agat, a Iarúsailéim.An té a thug d'ainm duit,is é a ghríosann thú.

31. Is mairg dóibh siúd a thug drochíde ortagus arb ábhar áthais dóibh do thurnamh.

32. Is mairg do na cathrachaa raibh do chlann ina sclábhaithe acu,is mairg freisin don chathair úda ghlac le do mhacra.

33. Óir, faoi mar ab ábhar áthais di do thurnamhagus gur bhain sí taitneamh as do léirscrios,sin mar a bheidh sí trombhuarthamar gheall ar a bánú féin.

34. Bainfidh mé di an cómhaíomha dhéanann sí as oll-líon a daonraagus déanfar dólás dá díomas.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 4