Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 2:8-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Mar sin féin, níor iarramar d'achainí ar an Tiarna gach duine dínn a iompú ó smaointe claona a chroí mhallaithe;

9. ach bhí an Tiarna ag faire na faille orainn chun na hanacraí sin a thabhairt orainn; mar is cóir é an Tiarna maidir leis na horduithe uile a thug sé dúinn le comhlíonadh.

10. Ach níor éisteamar lena ghlór á rá linn maireachtáil de réir na n‑aitheanta a leag sé orainn.

11. Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, threoraigh tú do phobal amach as an Éigipt le láimh láidir agus le comharthaí agus le héachtaí, le fuinneamh mór agus le cuisle chumasach agus, mar is léir dúinn inniu, thuill tú clú duit féin dá bharrsan;

12. ach, a Thiarna, a Dhia linn, pheacaíomar; bhíomar éagráifeach agus rinneamar an éagóir, gníomhartha a bhí in aghaidh do reachtanna uile.

13. Go maolaítear uainn, áfach, do chuid feirge mar níl ach buíon bheag dínn fágtha i measc na náisiún ar scaip tú sinn iontu.

14. Éist, a Thiarna, lenár nguí agus lenár n‑achainí agus fuascail sinn ar son d'ainm agus deonaigh dúinn go mbeidh gnaoi na ndaoine a thug ar deoraíocht sinn orainn,

15. ionas go mbeidh a fhios ag an domhan go léir gur tusa an Tiarna, ár nDia, de bhrí gur tugadh d'ainm ar Iosrael agus ar a shliocht.

16. Dearc anuas, a Thiarna, ó d'áitreabh naofa agus cuimhnigh orainn; claon do chluas, a Thiarna, agus éist linn.

17. Oscail do shúile agus féach orainn; mar ní hiad na mairbh atá in Háidéas a bhfuil an anáil imithe as a gcorp a thabharfaidh glóir agus ceartseirbhís don Tiarna

18. ach na daoine a mbíonn buaireamh an-mhór orthu agus a bhíonn ag gabháil timpeall agus iad cromtha síos go lagbhríoch agus radharc a súl ag meath agus iad stiúgtha leis an ocras; sin iad na daoine a thabharfaidh glóir duit agus a fhónfaidh duit go hionraic.

19. Óir, ní mar gheall ar dhea-oibreacha ár n‑aithreacha agus ár ríthe atáimid a iarraidh ort trócaire a dhéanamh orainn, a Thiarna, a Dhia linn.

20. Mar, tá tú tar éis fearg agus fraoch a ghlacadh linn de réir mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe:

21. “Is mar seo a labhraíonn an Tiarna,” ar siad, “cromaigí bhur nguaillí agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine agus fanfaidh sibh sa tír a thug mé do bhur n‑aithreacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 2