Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 2:20-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Mar, tá tú tar éis fearg agus fraoch a ghlacadh linn de réir mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe:

21. “Is mar seo a labhraíonn an Tiarna,” ar siad, “cromaigí bhur nguaillí agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine agus fanfaidh sibh sa tír a thug mé do bhur n‑aithreacha.

22. Ach mura n‑éisteann sibh le glór an Tiarna á rá libh seirbhís a dhéanamh do rí na Bablóine,

23. cuirfidh mé ina thost guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus in Iarúsailéim agus beidh an tír go léir ina fásach gan áitritheoirí.”

24. Ach níor éisteamar le do ghlór á rá linn seirbhís a dhéanamh. Mar sin de, chuir tú i gcrích na briathra a labhair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe; go dtógfaí amach as a n‑ionad adhlactha cnámha ár ríthe agus ár n‑aithreacha;

25. agus, féach, tá siad caite amach anois faoi bhrothall an lae agus faoi shioc na hoíche. Is amhlaidh a fuair siad bás le hanacraí uafásacha, le hocras, le faobhar an chlaímh agus le plá.

26. Agus an teach, ar tugadh d'ainm féin air, tá tú tar éis a chur sa riocht ina fheictear é inniu de dheasca urchóid theaghlach Iosrael agus theaghlach Iúdá.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 2