Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 2:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mar sin de, chuir an Tiarna i gcrích an bhagairt a rinne sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh na mbreithiúna a rialaíodh Iosrael tráth, in aghaidh ár ríthe, in aghaidh ár móruaisle agus in aghaidh chosmhuintir Iosrael agus Iúdá;

2. is amhlaidh a thug sé orainn anacraí géara nár cheadaigh sé a leithéid áit ar bith eile faoin spéir; de réir mar atá sé scríofa i ndlí Mhaois thit sé amach in Iarúsailéim

3. gur ith duine amháin dínn feoil a mhic agus duine eile feoil a iníne;

4. chuir an Tiarna iad faoi smacht na ríochtaí uile atá inár dtimpeall ionas go mbeidís ina n‑ábhar aithise agus ainnise i measc na náisiún uile máguaird a raibh sé tar éis iad a scaipeadh iontu.

5. In ionad iad a bheith i gceannas is é an chaoi a bhí siad faoi chois mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna nuair nár éisteamar lena ghlór.

6. Is ag an Tiarna, ár nDia, atá an ceart; ach is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne agus ar ár n‑aithreacha.

7. Na hanachana sin go léir a bhagair an Tiarna orainn, tháinig siad orainn.

8. Mar sin féin, níor iarramar d'achainí ar an Tiarna gach duine dínn a iompú ó smaointe claona a chroí mhallaithe;

9. ach bhí an Tiarna ag faire na faille orainn chun na hanacraí sin a thabhairt orainn; mar is cóir é an Tiarna maidir leis na horduithe uile a thug sé dúinn le comhlíonadh.

10. Ach níor éisteamar lena ghlór á rá linn maireachtáil de réir na n‑aitheanta a leag sé orainn.

11. Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, threoraigh tú do phobal amach as an Éigipt le láimh láidir agus le comharthaí agus le héachtaí, le fuinneamh mór agus le cuisle chumasach agus, mar is léir dúinn inniu, thuill tú clú duit féin dá bharrsan;

12. ach, a Thiarna, a Dhia linn, pheacaíomar; bhíomar éagráifeach agus rinneamar an éagóir, gníomhartha a bhí in aghaidh do reachtanna uile.

13. Go maolaítear uainn, áfach, do chuid feirge mar níl ach buíon bheag dínn fágtha i measc na náisiún ar scaip tú sinn iontu.

14. Éist, a Thiarna, lenár nguí agus lenár n‑achainí agus fuascail sinn ar son d'ainm agus deonaigh dúinn go mbeidh gnaoi na ndaoine a thug ar deoraíocht sinn orainn,

15. ionas go mbeidh a fhios ag an domhan go léir gur tusa an Tiarna, ár nDia, de bhrí gur tugadh d'ainm ar Iosrael agus ar a shliocht.

16. Dearc anuas, a Thiarna, ó d'áitreabh naofa agus cuimhnigh orainn; claon do chluas, a Thiarna, agus éist linn.

17. Oscail do shúile agus féach orainn; mar ní hiad na mairbh atá in Háidéas a bhfuil an anáil imithe as a gcorp a thabharfaidh glóir agus ceartseirbhís don Tiarna

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 2