Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 1:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ag an am seo freisin, an deichiú lá de mhí Shíován, ghlac Barúch soithí theach an Tiarna, a tógadh as an Teampall tráth, agus thug sé leis ar ais iad go tír Iúdá. B'iad seo na soithí airgid a chuir Zidicíá, mac Ióisíá, rí Iúdá, á ndéanamh,

9. tar éis do Nabúcadnazar, rí na Bablóine, Iacoiniá agus na prionsaí agus na cimí agus na móruaisle agus cosmhuintir na tíre a bhreith leis ó Iarúsailéim chun iad a thabhairt go dtí an Bhablóin.

10. Tá airgead á chur chugaibh againn - ar siad. Leis an airgead seo ceannaígí ábhar íobairtí lándóite agus ofrálacha le haghaidh peacaí agus túis; déanaigí ofráil arbhair a sholáthar chomh maith; ofrálaigí iad ar altóir an Tiarna, ár nDia.

11. Guígí ar son Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus ar son Bhaltasar, a mhac, ionas go mbeidh a laethanta chomh buan leis na flaithis féin atá os cionn na talún.

12. Mar sin, tabharfaidh an Tiarna neart dúinn agus soilseoidh sé ár súile agus mairfimid faoi scáth Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus faoi scáth Bhaltasar, a mhac, agus déanfaimid seirbhís dóibh ar feadh mórán laethanta agus doirtfidh siad a ngnaoi orainn.

13. Guígí ar ár son-na freisin chun an Tiarna, ár nDia, mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna, ár nDia, agus go dtí an lá seo féin níor iompaíodh fraoch ná fearg an Tiarna uainn.

14. Léifidh sibh an leabhar seo atá curtha chugaibh againn i dtreo go bhféadfar admháil peacaí a dhéanamh i dteach an Tiarna ar an bhféile agus ar laethanta cuí eile.

15. Déarfaidh sibh: Is ag an Tiarna atá an ceart; ach, mar is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne: ar mhuintir Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim,

16. ar ár ríthe agus ar ár bprionsaí, ar ár sagairt agus ar ár bhfáithe agus ar ár n‑aithreacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 1