Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 1:19-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ón lá a threoraigh an Tiarna ár n‑aithreacha amach as an Éigipt go dtí an lá atá inniu ann, bhíomar easumhal don Tiarna, ár nDia, agus le corp neamhshuime níor éisteamar lena ghlór.

20. Dá bharr sin, mar is léir anois, tá tubaistí á gcarnadh orainn mar aon leis an mallacht a rinne Maois, seirbhíseach an Tiarna, ar a ordu, an lá a threoraigh sé ár sinsir as an Éigipt chun tíre a bhfuil mil agus bainne ina slaoda inti, a thabhairt dúinn.

21. Níor éisteamar, áfach, le glór an Tiarna a léiríodh dúinn i mbriathra uile na bhfáithe a chuir sé chugainn.

22. Is amhlaidh a lean gach duine dínn claonta a chroí mhallaithe; dá dheasca sin bhíomar umhal do dhéithe eile agus rinneamar gníomhartha arb olc leis an Tiarna iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 1