Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Barúch 1:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is iad seo a leanas briathra an leabhair a scríobh Barúch, mac Néiria, mac Mhásaeiá, mac Zidicíá mac Hasaidia, mac Hilcíá sa Bhablóin,

2. ar an seachtú lá den mhí, cúig bliana tar éis do na Caildéigh Iarúsailéim a ghabháil agus a chur trí thine.

3. Leigh Barúch an leabhar seo os ard i láthair Iacoiniá, mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus na ndaoine go léir a tháinig le chéile chun éisteacht leis,

4. agus os comhair na móruaisle agus chlann mhac na ríthe agus na seanóirí agus an phobail go léir, idir óg agus aosta, is é sin le rá, i bhfianaise na ndaoine uile a raibh cónaí orthu sa Bhablóin, ar bhruacha na habhann Súd.

5. Agus thosaigh siad ag caoineadh agus ag troscadh agus ag guí os comhair an Tiarna.

6. Rinne siad bailiúchán airgid ansin, gach duine díobh ag tabhairt síntiúis uaidh de réir mar ab acmhainn dó,

7. agus sheol siad go Iarúsailéim é go dtí an sagart Iahóiácaím, mac Hilcíá, mac Shealúm, agus go dtí na sagairt eile agus go dtí na daoine go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim.

8. Ag an am seo freisin, an deichiú lá de mhí Shíován, ghlac Barúch soithí theach an Tiarna, a tógadh as an Teampall tráth, agus thug sé leis ar ais iad go tír Iúdá. B'iad seo na soithí airgid a chuir Zidicíá, mac Ióisíá, rí Iúdá, á ndéanamh,

9. tar éis do Nabúcadnazar, rí na Bablóine, Iacoiniá agus na prionsaí agus na cimí agus na móruaisle agus cosmhuintir na tíre a bhreith leis ó Iarúsailéim chun iad a thabhairt go dtí an Bhablóin.

10. Tá airgead á chur chugaibh againn - ar siad. Leis an airgead seo ceannaígí ábhar íobairtí lándóite agus ofrálacha le haghaidh peacaí agus túis; déanaigí ofráil arbhair a sholáthar chomh maith; ofrálaigí iad ar altóir an Tiarna, ár nDia.

11. Guígí ar son Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus ar son Bhaltasar, a mhac, ionas go mbeidh a laethanta chomh buan leis na flaithis féin atá os cionn na talún.

Léigh chaibidil críochnaithe Barúch 1