Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 9:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. “Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach,a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna.“Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt,nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftóragus na hAramaeigh ó Chír?

8. Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúilagus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún;ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,”a deir an Tiarna.

9. “Óir, féach, ordóidh mé teach Iosraela chraitheadh i measc na gciníocha go léirmar a chraithfeá arbhar le criathar;ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.

10. Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh,iadsan a deir: ‘Ní bhéarfaidh an t‑olc orainnená ní thiocfaidh sé fhad linn.’ ”

11. “An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár,druidfidh mé a bhearnaí,deiseoidh mé na fothraigh,atógfaidh mé é mar a bhí anallód,

12. ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadómagus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu a ghabháil,”a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.

13. “Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna,“nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí,agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir;silfidh na sléibhte fíon milisa rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.

14. Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair;tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu;cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon;saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.

15. Suífidh mé ina ndúiche féin iad, agus go deo arís ní sracfar iadón tír atá tugtha agamsa dóibh,”a deir an Tiarna, bhur nDia.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 9