Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 9:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Má thochlann siad a mbealach go Seóltarraingeoidh mo lámhsa as iad;má dhreapann siad go harda neimhecuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.

3. Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeilcuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad;má théann siad i bhfolach uaimi ngrinneall na farraige ordóidh médon Nathair greim a bhaint astu ansiúd.

4. Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iadordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin,agus ní le gnaoi ach le holc chucua choimeádfaidh mé súil orthu.”

5. An Tiarna Dia na Slua,baineann sé leis an domhan agus leánn é,agus caoineann cách dá gcónaíonn ann;éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Nílagus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.

6. Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas,agus leagann a stua ar an talamh.Glaonn sé ar uiscí na farraigeagus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún.Is é an Tiarna a ainm.

7. “Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach,a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna.“Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt,nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftóragus na hAramaeigh ó Chír?

8. Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúilagus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún;ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,”a deir an Tiarna.

9. “Óir, féach, ordóidh mé teach Iosraela chraitheadh i measc na gciníocha go léirmar a chraithfeá arbhar le criathar;ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 9