7. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:An Tiarna ina sheasamh cois ballaagus dorú pluma ina láimh aige.
8. Dúirt an Tiarna liom:“A Amós, cad é a fheiceann tú?”“Dorú pluma,” arsa mise.Ansin dúirt an Tiarna liom:“Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma;ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
9. Creachfar áiteanna arda Íosác;bánófar sanctóirí Iosraelnuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.”
10. Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i d'aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó.
11. Óir is mar seo a deir sé: ‘Tá sé i ndán do Iarobám bás a fháil leis an gclaíomh, agus do Iosrael dul ar deoraíocht i bhfad ó bhaile.’ ”
12. Dúirt Amaiziá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin.
13. Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.”
14. Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar;
15. ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’ ”
16. Mar sin éist le briathar an Tiarna:Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael,ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”
17. Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna:“Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair,titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh,roinnfear d'fhearann leis an dorú,gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe,agus rachaidh Iosrael ar deoraíochti bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”