Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 7:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom:Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistíi dtosach an athfháis- ba é an t‑athfhás é a eascraíonnnuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.

2. Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise:“A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort.Cad é mar a mhairfidh Iacóbagus é chomh beag sin?”

3. Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna;“Ní thitfidh sé seo amach,” a dúirt an Tiarna.

4. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine.Bhí an duibheagán mór dóite aici,agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.

5. Dúirt mise ansin: “Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort.Cad é mar a mhairfidh Iacóbagus é chomh beag sin?”

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 7