Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 5:21-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte;ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.

22. Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia,ní ghlacfaidh mé leo;agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.

23. Tógaigí uaim torann bhur n‑amhrán;ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.

24. Ach go rithe an fhíréantacht mar uisceagus an t‑ionracas mar shruth gan dísc!

25. Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha domar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?

26. Ach anois ní miste libh Sacút bhur rí,agus Cíován bhur ndia a iompar,íomhánna a rinne sibh daoibh féin.

27. Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc,a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 5