Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 5:15-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith;cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata;agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua,trua ar iarmhar Iósaef.

16. Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna:Beidh caoineadh i ngach cearnóg baileagus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.”Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgníagus an t‑aos caointe chun olagóin,

17. agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir,óir rachaidh mise thart in bhur measc,a deir an Tiarna.

18. Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna.Cad é lá an Tiarna daoibh?Is dorchadas é agus ní solas;

19. mar dhuine a d'éalódh ó leonach gur bhuail béar leis;nó mar dhuine a rachadh isteach ina theachagus a leagfadh a lámh ar an mballaach gur rug nathair nimhe air.

20. Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas,nach duibheagán é gan dealán ar bith ann?

21. Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte;ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.

22. Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia,ní ghlacfaidh mé leo;agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.

23. Tógaigí uaim torann bhur n‑amhrán;ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.

24. Ach go rithe an fhíréantacht mar uisceagus an t‑ionracas mar shruth gan dísc!

25. Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha domar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?

26. Ach anois ní miste libh Sacút bhur rí,agus Cíován bhur ndia a iompar,íomhánna a rinne sibh daoibh féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 5