Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rabhadh do Iosrael

Gairm an Fháidh

1. Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:

2. Sibhse amháin as ciníocha uilean domhain a fuair aitheantas uaim;dá bhrí sin smachtóidh mé sibhmar gheall ar bhur n‑uile pheaca.

3. An siúlann beirt le chéile ar an tslígan [aithne] acu ar a chéile?

4. An mbúireann an leon san fhoraoisagus é gan seilg?An scairteann an coileán leoin óna phluaisagus é gan chreach?An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamhagus gan dada ann chun é a mhealladh?

5. An bpreabann an gaiste aníos ón talamhagus gan aon rud ceaptha aige?

6. An séideann trumpa sa chathairgan eagla a theacht ar an bpobal?An mbuaileann tubaiste an chathairnach é an Tiarna is cúis leis?

7. Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rudgan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.

8. Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla?Labhraíonn an Tiarna Dia;cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?

Díothú na Samáire

9. Fógair é i bpáláis na hAsaíreagus i bpáláis na hÉigipte agus abair:“Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáireagus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sinagus an leatrom laistigh di.”

10. “Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,”a deir an Tiarna,“ach líonann siad a bpáláis leis an gcreacha fuair siad le foréigean agus le slad.”

11. Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia:“Timpeallóidh an namhaid an tír,bainfidh sé do chumhacht díotagus creachfar do pháláis.”

12. Mar seo a deir an Tiarna:Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoindhá chois nó leadhb de chluais,is mar sin a fhuasclófar clann Iosraela chónaíonn sa tSamáir,agus gan ach cnaiste leapa nó trasnánde chathaoir thoilg slánaithe acu.

In Aghaidh Bhéit Éil

13. Éistigí agus tugaigí fianaisein aghaidh theach Iacóib,a deir an Tiarna, Dia na Slua.

14. An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta,smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith:gearrfar adharca na haltóra anuasagus titfidh siad ar lár.

15. Scriosfaidh mé idir theach geimhridhagus theach samhraidh,bascfar na tithe eabhairagus scartálfar mórán tithe,a deir an Tiarna.