Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 2:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Iosrael,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgeadagus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,

7. de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáinagus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh,de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an macan striapach chéanna,rud is masla do m'ainm naofa,

8. de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóraar éide a cuireadh i ngeall,agus go n‑ólann siad i dteach a ndéfíon na ndaoine a fíneáladh.

9. Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu,fir a bhí chomh hard leis na céadraisagus chomh láidir leis na daracha;scrios mé a dtorthaí os cionn talúnagus a bpréamhacha thíos fúithi.

10. Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipteagus threoraigh daichead bliain san fhásach sibhchun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.

11. Thóg mé fáithe as bhur sliocht firagus Naizírigh as bhur macra.Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael?a deir an Tiarna.

12. Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól,agus d'ordaigh sibh do na fáithe: “Ná déanaigí tairngreacht.”

13. Féach, brúfaidh mise síos sibh,mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.

14. Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh,caillfidh an tréanfhear a neart,ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.

15. Fear an bhogha ní sheasfaidh sé an fód,ní éalóidh an luathchosach,ní thiocfaidh an marcach as,

16. an laoch is crógateithfidh sé leis gan chathéide an lá sin,a deir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 2