Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 7:23-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal?

24. De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta.

25. Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.

26. Beidh d'ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,

27. ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d'fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat.

28. Sea, a Thiarna Dia, is tusa Dia go deimhin, is fíor iad do bhriathra agus thug tú an gealltanas breá seo do do shearbhónta.

29. Deonaigh, mar sin, teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfidh sé go deo i do láthair, óir is tusa a labhair, a Thiarna Dia, agus le do bheannachtsa beidh teaghlach do shearbhónta beannaithe go deo.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 7