Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 7:14-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna.

15. Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat.

16. Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”

17. D'inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.

18. Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé?

19. Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia).

20. Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia?

21. Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d'fhoilsigh tú é seo do do shearbhónta.

22. Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.

23. An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal?

24. De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta.

25. Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú.

26. Beidh d'ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,

27. ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d'fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: ‘Tógfaidh mé teaghlach duit’; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat.

28. Sea, a Thiarna Dia, is tusa Dia go deimhin, is fíor iad do bhriathra agus thug tú an gealltanas breá seo do do shearbhónta.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 7