Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 5:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ibcheár, Eilíseúa, Neifig,

16. Eilíseámá, Eilíádá, Eilifeálat.

17. Nuair a chuala na Filistínigh gur ceapadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir, ghabhadar go léir suas ar a thóir. Arna chlos sin, chuaigh Dáiví síos go dtí an dúnfort.

18. Nuair a tháinig na Filistínigh, chuireadar cóiriú oscailte orthu féin i nGleann Rafáím.

19. Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?” D'fhreagair an Tiarna: “Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.”

20. Chuaigh Dáiví go Bál Parázaím agus bhuaigh sé ansiúd orthu. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Uime sin a tugadh Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin.

21. D'fhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus thug Dáiví agus a chuid fear leo iad.

22. Tháinig na Filistínigh aníos arís agus chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím.

23. Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna agus d'fhreagair sé: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall ar a gcúl agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim.

24. Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.”

25. Rinne Dáiví mar a d'ordaigh an Tiarna dó; chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go Bealach Gheizir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 5