Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 5:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara.

2. San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”

3. Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.

4. Bhí Dáiví tríocha bliain d'aois nuair a rinneadh rí de agus d'fhan sé i gcoróin ar feadh daichead bliain.

5. Bhí sé seacht mbliana agus sé mhí i Heabrón ina rí ar Iúdá, ansin bhí sé trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim ina rí ar Iosrael agus Iúdá go léir.

6. Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)

7. Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.

8. Dúirt Dáiví an lá sin: “Cibé a bhuailfidh an Iabúsach agus a rachaidh an seoladán suas [gheobhaidh sé a luach saothair].” Maidir leis na daill agus na bacaigh, thug Dáiví fuath a anama dóibh. (Uaidh sin an seanfhocal: “Ní rachaidh na daill agus na bacaigh isteach sa Teampall.”)

9. Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.

10. Chuaigh Dáiví i neart agus i neart agus bhí an Tiarna, Dia na Slua, ina chuideachta.

11. Chuir Híorám rí Thuíre toscairí go dtí Dáiví le crainn chéadrais, saoir adhmaid agus chloiche, agus thógadar rítheach do Dháiví.

12. Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ina rí ar Iosrael ag an Tiarna agus go raibh a réim á móradh aige ar son a phobail Iosrael.

13. Tar éis teacht ó Heabrón dó, ghlac Dáiví le leannáin agus le mná eile in Iarúsailéim, agus rugadh a thuilleadh mac agus iníonacha dó.

14. Seo iad ainmneacha na clainne a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobán, Nátán, Solamh,

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 5