Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 4:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Isteach leo mar a raibh [Ís Bál] ina luí ar a leaba ina sheomra codlata. Bhuail siad é, agus mharaigh, agus bhain an ceann de. Thugadar leo an ceann agus thaistil siad bealach an Arabá ar feadh na hoíche,

8. agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. “Seo duit,” ar siad leis an rí, “ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d'anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.”

9. Ach d'fhreagair Dáiví Reacáb agus Báná a dheartháir á rá: “Dar an Tiarna beo, a d'fhuascail mé ó gach gábh,

10. an fear a mheas go raibh scéala maith á thabhairt aige chugam, nuair a d'inis sé dom go raibh Sól marbh, rug mé greim air agus mharaigh mé é i Zicleag; sin é an luach saothair a fuair sé ar son a dhea-scéil.

11. Nuair is ropairí a mharaigh fear ionraic ina theach féin, agus é sínte ar a leaba, nach mó go mór atá sé de dhualgas orm éiric a chuid fola a éileamh uaibhse, agus sibh a scrios de chlár na cruinne?”

12. Ansin thug Dáiví ordú dá shaighdiúirí agus chuireadar chun báis iad; ghearradar a lámha agus a gcosa díobh agus chrochadar iad láimh le Linn Heabrón. Thógadar ceann Ís Bál agus rinneadar é a adhlacadh in uaigh Aibnéar i Heabrón.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 4