Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 4:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chuala Ís Bál, mac Shóil, gur maraíodh Aibnéar i Heabrón, thit an lug ar an lag aige, agus tháinig scéin ar Iosrael go léir.

2. Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;

3. theith muintir Bhaerót go Giotáím agus maireann siad ann ó shin mar áitritheoirí deoranta).

4. Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d'aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D'ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d'fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó.

5. Chuir Raecáb agus Báná, clann Rimeon ó Bhaerót, chun bealaigh. Shroicheadar teach Ís Bál i mbrothall an lae nuair a bhí a chnámha á síneadh aige um mheán lae.

6. Bhí bean an dorais ag cáthadh cruithneachta ach tháinig múisiam codlata uirthi. Shleamhnaigh Raecáb agus Báná a dheartháir thairsti isteach.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 4