Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 24:16-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Shín an t‑aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh!” Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.

17. Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”

18. Chuaigh Gád go Dáiví an lá sin agus dúirt leis: “Gabh suas agus tóg altóir don Tiarna ar urlár buailte Arauná an Iabúsach.”

19. Ar fhocal Ghád, ghabh Dáiví suas ar ordú an Tiarna.

20. Nuair a d'fhéach Arauná síos agus go bhfaca sé an rí agus a oifigigh ag céimniú ina threo, chuaigh sé ar aghaidh agus chrom chun talún in ómós don rí.

21. “Cén fáth ar tháinig mo thiarna an rí chun a shearbhónta?” a d'fhiafraigh Arauná. D'fhreagair Dáiví: “Chun an t‑urlár buailte a cheannach uait le haltóir a thógáil don Tiarna ionas go staonfadh an phlá den phobal.”

22. Dúirt Arauná le Dáiví: “Tógadh mo thiarna an rí é, agus íobraíodh sé a rogha. Seo iad na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí agus na cuingeacha mar adhmad.

23. Tugann Arauná iad sin go léir don rí. Agus go nglaca an Tiarna, do Dhia, leat,” arsa Arauná.

24. Ach dúirt an rí le hArauná: “Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, ach díolfaidh mé as le hairgead. Ní dhéanfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm a ofráil don Tiarna mo Dhia.” Thug Dáiví dá bhrí sin caoga seicil airgid ar an urlár buailte agus ar na daimh.

25. Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d'éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 24