Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 24:12-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. “Téigh agus abair le Dáiví: seo mar a deir an Tiarna: ‘Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”

13. Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d'inis sé sin dó. “Cé acu is fearr leat,” ar seisean, “trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”

14. Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”

15. Mar sin thogh Dáiví an phlá.Aimsir fhómhar na cruithneachta a bhí ann. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael ón maidin go dtí an uair a bhí leagtha amach agus rinne aicíd léirscrios ar an bpobal, agus ó Dhán go Béar Seaba fuair seachtó míle acu bás.

16. Shín an t‑aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh!” Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.

17. Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 24