Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 21:5-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Dúirt siad leis an rí: “An té a rinne sinn a scrios agus a bheartaigh sinn a dhíothú i dtreo nach bhfágfaí duine dínn beo in aon bhall i gcríocha Iosrael,

6. déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.

7. Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.

8. Ach thóg an rí beirt mhac Rizpeá iníon Aiá, an bheirt a rug sí do Shól, Armonaí agus Meirí Bál; agus cúigear mac Mhéarab iníon Shóil, an cúigear a rug sí do Aidríéil mac Bhairzilí an Macholach.

9. Thug sé iad i lámha na nGibeónach agus chroch siadsan iad ar an sliabh os comhair an Tiarna. Ídíodh an seachtar acu le chéile. Cuireadh chun báis iad i gcéad laethanta an fhómhair, i dtus fhómhar na heorna.

10. Fuair Rizpeá iníon Aiá éadach róin agus leath ar an gcarraig di féin é ó thús fhómhar na heorna nó gur thit an fhearthainn ón spéir air; níor lig sí d'éanlaith an aeir luí air sa lá, ná d'ainmhithe an mhachaire san oíche.

11. Insíodh do Dháiví cad a rinne Rizpeá iníon Aiá, leannán Shóil.

12. D'imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa.

13. Thug Dáiví cnámha Shóil agus cnámha a mhic Iónátán ón áit sin agus chruinnigh le chéile cnámha na muintire a crochadh.

14. Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n‑achainíocha ar son na tíre.

15. Rinne na Filistínigh cogadh arís eile in aghaidh Iosrael. Ghabh Dáiví agus a bhuíon síos agus [shuigh siad a longfort ag Gob] agus chuir cath ar na Filistínigh. [Ansin d'éirigh Dodó

16. mac Ióais], de shliocht Ráfá, agus sleá trí chéad seicil chré-umha aige, agus claíomh nua ar iompar aige agus é lán de mhuinín go maródh sé Dáiví.

17. Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d'áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: “Ná téigh chun catha riamh arís linn,” ar siad, “d'fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.”

18. Ina dhiaidh sin bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Sé sin an uair a mharaigh Sibeacaí an Huiseátach Saf, de shliocht Ráfá.

19. Bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Agus mharaigh Ealchánán mac Iáír, ó Bheithil, Góla an Giteach ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.

20. Agus bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhear ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Ráfá eisean chomh maith.

21. Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeí, deartháir Dháiví, é.

22. Ba de shliocht Ráfá ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 21