Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 20:9-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Dúirt Ióáb le hAmásá: “An bhfuil tú ar fónamh, a bhráthair?” Agus rug Ióáb ar fhéasóg ar Amásá lena dheasóg lena phógadh.

10. Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.

11. Sheas saighdiúir de chuid Ióáb le hais Amásá: “An té atá ar thaobh Ióáb,” ar sé, “agus an té a sheasann le Dáiví, leanadh sé Ióáb.”

12. Bhí Amásá ansiúd sa chosair chró i lár an bhóthair, agus gach duine a thagadh an treo, stadadh sé nuair a d'fheiceadh sé é. Nuair a chonaic an saighdiúir go stadadh gach duine, tharraing sé Amásá leis ón mbóthar mór isteach sa ghort agus leath brat air.

13. Nuair a tógadh den bhóthar é, chuaigh gach duine ar aghaidh i ndiaidh Ióáb sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.

14. Ghabh Seaba ar aghaidh trí threibheanna Iosrael go léir go hÁbael Béit Mácá; chruinnigh na Bicrígh go léir agus lean siad isteach é.

15. [Tháinig na fir go léir a bhí le Ioáb] agus chuir siad léigear air in Ábael Béit Mácá. Thóg siad port cré in aghaidh na cathrach, ansiúd i gcoinne na múrtha, agus chrom siad ar na ballaí a thuargan agus a leagan.

16. Ansin ghlaoigh bean chiallmhar ón gcathair á rá: “Éistigí, éistigí! Abraigí le Ióáb: ‘Tar i leith go labhróidh mé leat.’ ”

17. Agus tháinig sé ina treo. Dúirt an bhean: “An tú Ióáb?” “Is mé,” ar sé. Dúirt sí leis: “Tabhair cluas dá bhfuil á rá ag do bhansearbhónta.” “Táim ag éisteacht,” ar sé.

18. Ansin dúirt sí: “Deiridís fadó: ‘Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,’ agus is mar sin a shocraídís a ngnó.

19. Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”

20. “Go mba fada, agus go mba rófhada uaimse scrios nó slogadh a dhéanamh!

21. Ní amhlaidh atá, ach go bhfuil duine ó ardáin Eafráim darb ainm Seaba mac Bhicrí a rinne ceannairc in aghaidh an rí Dáiví; tabhair an duine sin amháin ar láimh dúinn, agus imeoidh mé ón gcathair.” Agus dúirt an bhean le Ióáb: “Tá go maith, más ea. Caithfear a cheann thar balla chugat.”

22. Chuaigh an bhean [ar ais isteach sa chathair agus labhair] le barr céille leis an bpobal go léir. Bhaineadar an ceann de Sheaba mac Bhicrí agus chaitheadar amach go Ióáb é. Shéid seisean an stoc ansin agus scaipeadar leo ón gcathair, gach duine chun a bhaile féin.

23. Bhí Ióáb i gceannas arm Iosrael go léir; bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach;

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 20