2. Agus thréig fir Iosrael go léir Dáiví agus lean siad Seaba mac Bhicrí; ach lean fir Iúdá go dlúth den rí ar an mbealach ón Iordáin go Iarúsailéim.
3. Agus tháinig Dáiví go dtí a phálás i Iarúsailéim. Agus thóg sé an deichniúir leannán a d'fhág sé i bhfeighil an pháláis agus chuir sé i dteach faoi gharda iad. Rinne sé soláthar bia agus beatha dóibh, ach níor luigh sé leo a thuilleadh. Bhíodar faoi ghlas go lá a mbáis, ag maireachtáil amhail baintreacha.
4. Dúirt an rí le hAmásá: “Cuir gairm ar fhir Iúdá chugam faoi cheann trí lá agus bíse féin anseo chomh maith.”
5. D'imigh Amásá ansin chun fir Iúdá a chruinniú, ach mhoilligh sé thar an am a cheap Dáiví dó.
6. Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: “Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.”
7. Leanadar seo Aibísí: Ióáb, na Ceiréitigh, na Peiléitigh agus na gaiscígh go léir, agus iad ag imeacht leo ó Iarúsailéim ar thóir Sheaba mac Bhicrí.
8. Nuair a bhí siad ag an ngallán mór i nGideón bhuail siad ceann ar aghaidh le hAmásá. Bhí a éide ar Ióáb, agus crios lasmuigh air sin timpeall a choime agus claíomh ina thruaill ar crochadh lena shliasaid; ag dul ar aghaidh dó thit an claíomh amach.