Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 20:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ansin ghlaoigh bean chiallmhar ón gcathair á rá: “Éistigí, éistigí! Abraigí le Ióáb: ‘Tar i leith go labhróidh mé leat.’ ”

17. Agus tháinig sé ina treo. Dúirt an bhean: “An tú Ióáb?” “Is mé,” ar sé. Dúirt sí leis: “Tabhair cluas dá bhfuil á rá ag do bhansearbhónta.” “Táim ag éisteacht,” ar sé.

18. Ansin dúirt sí: “Deiridís fadó: ‘Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,’ agus is mar sin a shocraídís a ngnó.

19. Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”

20. “Go mba fada, agus go mba rófhada uaimse scrios nó slogadh a dhéanamh!

21. Ní amhlaidh atá, ach go bhfuil duine ó ardáin Eafráim darb ainm Seaba mac Bhicrí a rinne ceannairc in aghaidh an rí Dáiví; tabhair an duine sin amháin ar láimh dúinn, agus imeoidh mé ón gcathair.” Agus dúirt an bhean le Ióáb: “Tá go maith, más ea. Caithfear a cheann thar balla chugat.”

22. Chuaigh an bhean [ar ais isteach sa chathair agus labhair] le barr céille leis an bpobal go léir. Bhaineadar an ceann de Sheaba mac Bhicrí agus chaitheadar amach go Ióáb é. Shéid seisean an stoc ansin agus scaipeadar leo ón gcathair, gach duine chun a bhaile féin.

23. Bhí Ióáb i gceannas arm Iosrael go léir; bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach;

24. bhí Adorám i bhfeighil an tsaothair éigeantaigh, agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina chroinicí;

25. ba é Seavá an rúnaí, agus sagairt ab ea Zádóc agus Aibíátár,

26. ba shagart ag Dáiví freisin é Íreá an Iáíreach.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 20