Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 19:35-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Ach dúirt Bairzilí leis an rí: “An iomaí bliain atá fágtha fós agam le caitheamh a rá is go rachainn suas go Iarúsailéim leis an rí?

36. Táim ceithre fichid bliain d'aois anois; an n‑aithneoinn só thar anó? An bhfaighimse, do shearbhónta, blas ar bhia nó ar dheoch? An dtabharfainn cluas fós do ghuth na bhfear nó na mban ag canadh? Cén fáth a mbeadh do shearbhónta ina ualach breise ar mo thiarna an rí?

37. Ní dhéanfaidh do shearbhónta ach dul thar Iordáin anonn beagán leis an rí; cén fáth go dtabharfadh an rí a leithéid de luach saothair dom?

38. Lig do do shearbhónta, le do thoil, filleadh ar ais le bás a fháil i mo chathair féin, taobh le huaigh m'athar agus mo mháthar. Ach seo é do shearbhónta Ciomchám; téadh seisean anonn le mo thiarna an rí; déan leis mar is dóigh leat is ceart.”

39. Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”

40. Ghabh an pobal go léir thar Iordáin ansin, agus ghabh an rí chomh maith; thug an rí póg do Bhairzilí agus chuir a bheannacht air, agus d'fhill seisean ar a bhaile féin.

41. Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d'fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí.

42. Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D'fhiafraíodar den rí: “Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?”

43. Thug fir Iúdá go léir freagra ar fhir Iosrael; “Mar gur gaire é gaol an rí linne. Cén fáth mar sin a bhfuil fearg oraibh ina thaobh seo? Ar chaitheamar bia ar chostas an rí? Ar thug sé bronntanas ar bith dúinn?”

44. D'fhreagair fir Iosrael fir Iúdá: “Tá deich gcuid againn sa rí; agus is sinsearaí sinn ná sibhse chomh maith. Cén fáth ar thug sibh tarcaisne dúinn? Nach sinn is túisce a labhair faoinár rí a thabhairt ar ais?” Ach ba fhíochmhaire caint fhir Iúdá ná caint fhir Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 19