Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 19:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: “A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d'áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.”

2. Tugadh scéala chuig Ióáb: “Tá an rí ag caoineadh Aibseálóm agus ag mairgneach faoi.”

3. Agus d'iompaigh bua an lae sin chun dóláis do na saighdiúirí go léir, óir fuair siad amach an lá sin go raibh an rí ag caoineadh a mhic.

4. Agus d'fhill na saighdiúirí abhaile go fáilí an lá sin, mar a dhéanann saighdiúirí le barr náire, nuair a theitheann siad ón gcath.

5. Chuir an rí brat ar a ghnúis agus bhí ag gol go fuíoch: “A Aibseálóm, a mhic liom, a Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom.”

6. Ansin chuaigh Ióáb isteach sa teach chun an rí agus dúirt: “Tá náire shaolta á cur agat ar do shearbhóntaí go léir inniu agus gur shaor siad ón mbás inniu thú féin agus do chlann mhac agus iníonacha, agus do mhná agus do leannáin chomh maith;

7. óir tugann tú grá don mhuintir a thugann fuath duit, agus fuath don mhuintir a thugann grá duit. Thaispeain tú inniu gur bheag é do mheas ar cheannairí nó ar shearbhóntaí; mar is léir dom anois dá mbeadh Aibseálóm beo inniu agus sinn uile marbh, go mbeifeá sásta.

8. Bí i do shuí, más ea, agus bí amuigh agus tabhair misneach do do shaighdiúirí; mar mura ndéanann tú, tugaim an leabhar dar an Tiarna nach bhfanfaidh fear farat anocht. Agus is measa a rachaidh sin de thubaiste duit ná gach ar tháinig sa mhullach ort ó d'óige go dtí seo.”

9. D'éirigh an rí ansin, agus chuaigh agus shuigh ina chathaoir ag an ngeata. Chuala na saighdiúirí go léir an scéala gan mhoill. “Tá an rí,” ar siad, “ina chathaoir ag na ngeata.” Agus chruinnigh an pobal go léir i láthair an rí.Theith Iosrael go léir, gach fear chun a bhaile féin.

10. Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: “D'fhuascail an rí sinn,” a deiridís, “ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm.

11. Agus sin é Aibseálóm, an té a rinneamar a ungadh mar rí orainn, agus é marbh sa chath. Cén fáth, más ea, gan aon ní á rá agaibh faoin rí a thabhairt ar ais?”

12. Nuair a fuair an rí gaoth an fhocail faoina raibh á rá ar fud Iosrael, chuir sé - Dáiví rí - scéala go dtí na sagairt Zádóc agus Aibíátár: “Abraigí le seanóirí Iúdá: ‘Cén fáth gur sibhse a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 19