Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 18:25-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Scairt an fear faire agus d'inis sé sin don rí. Dúirt an rí: “Má tá sé leis féin, tá scéala le hinsint aige.” Nuair a dhruid an fear níos cóngaraí fós agus é á bhaint as na bonna,

26. chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: “Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!” D'fhreagair an rí: “Tá scéala aige sin chomh maith.”

27. “Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,” arsan fear faire. “Fear maith eisean,” arsan rí, “agus tá dea-scéala leis.”

28. Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”

29. “An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí. “Nuair a sheol Ióáb uaidh do shearbhónta, chonaic mé círéib mhór, ach níl a fhios agam cad a bhí i gceist.”

30. Dúirt an rí: “Téigh i leataobh agus seas ansin.” Chuaigh sé i leataobh agus d'fhan ina sheasamh.

31. Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. “Dea-scéala do mo thiarna an rí!” arsa an Cúiseach. “Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i d'aghaidh.”

32. “An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí den Chúiseach. D'fhreagair sé siúd: “An bhail atá ar an ógánach sin, go raibh sé ar naimhde mo thiarna an rí, agus orthu siúd uile a rinne d'aimhleas lena gceannairc.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 18