Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 18:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”

3. Ach d'fhreagair na fir: “Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.”

4. Dúirt an rí leo: “Déanfaidh mé mar is fearr is dóigh libh.” Sheas an rí mar sin láimh leis an ngeata nuair a ghluais na saighdiúirí amach ina gcéadta agus ina mílte.

5. Thug an rí ordú do Ióáb, d'Aibísí agus d'Iotaí: “Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.”

6. Ghabh na sluaite amach go páirc an chatha ar an gcuma sin in aghaidh Iosrael agus fearadh an cath i bhForaois Eafráim.

7. Bhris lucht leanúna Dháiví ar arm Iosrael, agus rinneadh ár agus eirleach an lá sin, agus thit fiche míle fear;

8. agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.

9. Tharla d'Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é - ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 18