Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 17:17-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad.

18. Chonaic ógánach iad ámh agus d'inis an scéal d'Aibseálóm. D'imigh an bheirt leo go tapa agus thángadar go teach fir i mBachúraím; bhí tobar aigesean ina chlós agus síos leo ann.

19. Fuair an bhean brat agus leath sí é ar bhéal an tobair, agus chroith arbhar meilte air gan aon ní a fhágáil le feiceáil.

20. Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. D'fhreagair an bhean: “D'imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d'fhill siad ar Iarúsailéim.

21. Tar éis dóibh imeacht, tháinig na fir amach as an tobar agus d'imíodar leo le rabhadh don rí Dáiví. “Imigh leat,” ar siad le Dáiví, “agus gabh anonn thar uisce gan mhoill, mar thug Aichítifeil a leithéid seo de chomhairle i do thaobh.”

22. Chuir Dáiví agus a lucht leanúna go léir chun bóthair agus chuadar anonn thar Iordáin; faoi mhaidin ní raibh duine fágtha nach raibh imithe anonn thar Iordáin.

23. Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.

24. Bhí Dáiví tagtha chomh fada le Machanáím, ach ar ghabh Aibseálóm thar Iordáin agus fir Iosrael in éineacht leis.

25. Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo.

26. Shuigh Iosrael agus Aibseálóm a longfort i gcríocha Ghileád.

27. Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím -

28. thugadarsan tochtanna, báisíní, crúscaí cré, cruithneacht, eorna, min, grán, pónairí, lintilí,

29. mil, gruth, caoirigh, cáis agus daimh, go Dáiví agus a lucht leanúna le hithe. “Mar,” a dúradar, “tá ocras agus tuirse agus tart ar an slua san fhásach.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 17