Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 17:10-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é d'athair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta.

11. Sé mo chomhairlese duit: Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba a thionól i do thimpeall, agus iad chomh líonmhar le gaineamh na trá: agus tú féin a dhul chun catha chomh maith.

12. Tiocfaimid air cibé áit ina bhfuil sé le fáil; titfimid sa mhullach air faoi mar a thiteann an drúcht ar an talamh gan eisean ná aon duine ina chuideachta a fhágáil beo.

13. Má theitheann sé isteach i gcathair, tabharfaidh Iosrael go léir téada chun na cathrach sin agus déanfaimid í a tharraingt isteach sa ghleann go dtí nach mbeidh oiread agus púróg di le fáil.”

14. Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.

15. Dúirt Húisí leis na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansin: “Thug Aichítifeil a leithéid seo agus a leithéid siúd de chomhairle d'Aibseálóm agus do sheanóirí Iosrael, ach mar seo agus mar siúd a chomhairligh mise dóibh a dhéanamh.

16. Cuirigí scéala go Dáiví gan mhoill dá bhrí sin agus abraigí leis: ‘Ná cuir fút anocht i réitigh an fhásaigh, ach gabh anonn chomh tapa agus is féidir leat nó scriosfar an rí agus an t‑arm go léir in éineacht leis.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 17