1. Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Lig dom dhá mhíle fear a thoghadh agus rachaidh mé sa tóir ar Dháiví anocht féin.
2. Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt,
3. agus tabharfaidh mé an pobal go léir ar ais chugat mar a thiocfadh brídeog abhaile chun a fear céile. Níl tú sa tóir ach ar anam aon duine amháin, agus beidh an chuid eile den phobal faoi shíocháin.”