Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 16:19-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Agus thairis sin, cé dó a ndéanfainn seirbhís? Cé eile ach dá mhac? Déanfaidh mé seirbhís duitse faoi mar a rinne mé do d'athair.”

20. Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: “Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?”

21. Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Luigh leis na leannáin dá chuid a d'fhág d'athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d'athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.”

22. Shuíodar both dá bhrí sin d'Aibseálóm ar dhíon an tí agus ghabh Aibseálóm isteach chun leannáin a athar i bhfianaise Iosrael go léir.

23. Sna laethanta úd ba gheall le dul i muinín oracail Dé féin dul i muinín chomhairle Aichítifeil. Sin é an meas a bhí ar gach comhairle a thugadh Aichítifeil ag Dáiví agus ag Aibseálóm chomh maith céanna.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 16